Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Seirbhísí Éigeandála

Seirbhísí Dóiteáin na Gaillimhe

Céard atá ar bun againn?
Soláthraíonn Seirbhísí Dóiteáin na Gaillimhe seirbhísí do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe agus tá siad freagrach as:

Fire Station

Cá bhfuilimid lonnaithe?
Tá Ceannáras na Seirbhíse Dóiteáin lonnaithe ag Stáisiún Dóiteáin Chathair na Gaillimhe ar Bhóthar an Athar Ó Gríofa. San iomlán tá 10 stáisiún dóiteáin i lárionaid daonra ar fud an chontae - tá an Ceannáras i nGaillimh atá in Stáisiún Dóiteáin lánaimseartha / coinnithe agus is Stáisiúin coinnithe iad na stáisiúin uile eile. Tá na Stáisiúin sin lonnaithe i mBaile Átha an Rí, Baile Locha Riach, Tuaim, Béal Átha na Sluaighe, An Creagán, Port Omna, An Gort, An Clochán agus i gCill Rónáin.

Freagraíonn an Seirbhís Dóiteáin do ghlaoanna éigeandála cibé an dóiteáin, timpiste bóthair, timpiste tráchta agus timpistí eile atá i gceist.

                           Is iad 999 nó 112 na huimhreacha éigeandála.

Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?

Seirbhísí Cosanta / Coisc
Is féidir bearta coisc dóiteáin agus bearta cosanta dóiteáin a thabhairt isteach ar chostas íseal. Déanfaimid óráidí / taispeántais a
eagrú ag ionaid áitiúla do ghrúpaí deonacha & pobail. Is féidir bileoga maidir le Sábháilteacht Dóiteáin a bhailliú ag do stáisiún
dóiteáin áitiúil nó iad a fháil tríd an bpost.

Tá sé mar aidhm againn cuairt a thabhairt ar gach Bunscoil Náisiúnta sa Chontae suas go dtí rang a 4 mar chuid den
Tionscnamh Scoile do Shábháilteacht Dóiteáin Phobail.

I gcomhar leis an Aonad Pobail, Fiontar & Forbartha Eacnamaíochta, táimid ag iarraidh aláraim dheataigh a shuiteáil i dtithe atá i mbaol timpeall an Chontae.

Cosaint Shibhialta
Tá an Chomhairle freagrach as an tseirbhís Cosanta Sibhialta i gceantair éagsúla sa Chathair agus sa Chontae. Tá Oifigeach na
Comhairle ar Chosaint Shibhialta lonnaithe i gCeannáras na Seirbhíse Dóiteáin agus is oibrithe saorálacha iad gach duine eile de
phearsanra na Cosanta Sibhialta.

Is iad na príomhseirbhísí a sholáthraíonn pearsanra na Cosanta Sibhialta ná: 

Le tuilleadh eolais a fháil ar Chosaint Shibhialta,               
déan teagmháil le:
Teil:                    091 585555
Ríomhphost:       civildefence@galwaycoco.ie
Idirlíon:             www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/Solathar
/SeirbhisiMuchtaTineagusTarrthala/