Cosán an tSuímh...
Cúlra an Bhoird Forbartha Contae (BFC)
Bunaíodh Bord Forbartha Chontae na Gaillimhe (BFC) i mí Márta 2000, agus é mar aidhm meicníocht do chomhordú agus comhoibriú méadaithe a chur ar fáil ó thaobh fhorbairt shóisialta, eacnamaíochta agus chultúrtha an Chontae a phleanáil agus comhtháthú feabhsaithe a chruthú idir chomhlachtaí poiblí ó thaobh seirbhísí a dhearadh agus a sheachadadh. Tá 34 Bord mar seo ann ar fud na tire.
I mí Bealtaine 2002, sheol an Bord a Straitéis aontaithe d’Fhorbairt Eacnamaíochta, Shóisialta agus Chultúrtha ‘Ar Scáth a Chéile Ár dTodhchaí á Mhúnlú” 2002 – 2012.
Tugadh aitheantas reachtúil don Bhord san Acht Rialtais Áitiúil, 2001 agus faoi láthair tá 32 ball ar an BFC ag déanamh ionadaíochta ar an Rialtas Áitiúil, Forbairt Áitiúil, Gníomhaireachtaí Stáit, na Fóraim Pobail agus na hearnálacha Feirmeoireachta, Ceardchumainn agus Gnó. Ball tofa de Chomhairle Contae na Gaillimhe a fheidhmíonn mar Chathaoirleach. I ndáil le rannpháirtíocht an Rialtais Áitiúil, coinnítear suíochán do Mhéara an Chontae agus coinnítear cúig shuíochán do Chathaoirleach gach ceann de na Coistí Beartais Straitéiseacha (CBS). Ina theannta sin, tá suíochán ag Cathaoirleach Chomhairle Baile Bhéal Átha na Sluaighe agus bíonn suíochán eile á roinnt idir Chomhairle Baile Thuama agus Bhaile Locha Riach. Foireann ó Aonad Fiontair agus Forbairt Eacnamaíochta Chomhairle Contae na Gaillimhe a bhíonn i mbun an Bhoird a reáchtáil.