Cosán an tSuímh...
Achomharc Pleanála a Dhéanamh
Tá próiseas achomharc cuimsitheach san áireamh sa chóras pleanála. Faoin bpróiseas seo, féadfar gach cinneadh a dhéanann na húdaráis phleanála a bheith faoi réir athbhreithnithe neamhspleách ag an An Bord Pleanála. Tugann an leathanach seo mionsonraí maidir le príomhghnéithe an phróisis achomharc.
Tá an leathanach seo beartaithe a bheith mar threoir phraiticiúil. Ní léirmhíniú dlíthiúil cinnte ar an dlí pleanála é. Féadfaidh tú dul i gcomhairle leis An Bord Pleanála nó le d'údarás pleanála áitiúil le haghaidh tuilleadh eolais a fháil.
1. Cé a fhéadfaidh achomharc a dhéanamh?
2. An bhfuil teorainn ama i gceist maidir le hachomharc a dhéanamh?
3. Conas a fhéadfaidh mé achomharc a dhéanamh?
4. Cad a chaithfidh mé a chur san áireamh le m'achomharc?
5. Cad a tharlóidh mura mbeidh m'achomharc iomlán?
6. An bhféadfaidh mé comhad an údaráis phleanála a fheiceáil sula ndéanfaidh mé achomharc?
7. An bhféadfaidh mé cóipeanna a fháil de dhoiciméid a bhaineann le hiarratas pleanála?
8. An bhféadfaidh mé mo thuairimí a chur in iúl don Bhord gan achomharc a dhéanamh?
9. An bhféadfaidh mé éisteacht ó bhéal a iarraidh?
10. Cad a tharlóidh ansin?
11. Conas a chinntíonn an Bord cothrom na féinne do chách?
12. An bhfuil teorainn ama i gceist maidir le hachomhairc a chinneadh?
13. An gcuirfear cinneadh na Bhoird in iúl dom?
14. An bhfuil dul thar chinneadh an Bhoird?
15. An bhféadfaidh an Bord achomhairc a dhíbhe?
16. Cé chomh dian is atáthar ó thaobh na dteorainneacha ama?
17. Cad a tharlóidh má bhíonn an Bord dúnta an lá deiridh den teorainn ama?
18. An bhféadfaidh mé comhad an Bhoird a fheiceáil?
19. An bhféadfaidh mé eolas breise a fháil?
1. Cé a fhéadfaidh achomharc a dhéanamh?
Tá sé de cheart ag gach duine aonair, ag gach grúpa leasmhar, etc., achomharc a dhéanamh chuig An Bord Pleanála. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh leis an mBord in aghaidh cinneadh pleanála ar bith de chuid údaráis phleanála. Mar shampla, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh ina ndiúltófar iarratas uait ar chead pleanála nó féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh coinníollacha a bhíonn ag gabháil le cead pleanála a fhaigheann tú ón údarás pleanála mura n-aontaíonn tú leo. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh freisin in aghaidh cead pleanála le haghaidh forbartha, a dheonaítear do dhuine éigin eile, forbairt a bhfuil tú ina coinne - tugtar achomharc tríú páirtí air sin. Mar sin féin, i gcás tríú páirt, ní fhéadfar achomharc a dhéanamh ach amháin nuair a dhéanann tríú páirtí an chéad aighneacht nó nuair a thugann tríú páirtí nithe ar aird an údaráis phleanála, i ndáil leis an iarratas, ar dtús.
2. An bhfuil teorainn ama i gceist maidir le hachomharc a dhéanamh?
Ní mór go bhfaigheadh an Bord achomhairc laistigh de cheithre seachtaine, tréimhse a thosóidh an dáta a ndéanfaidh an t-údarás pleanála an cinneadh (N.B. ní an dáta a sheoltar ná a fhaightear an cinneadh). Is teorainn ama reachtúil dhian é sin agus níl aon rogha ag an mBord glacadh le hachomhairc a bhíonn mall, bídís seolta tríd an bpost nó curtha isteach ar bhealach eile. Tugtar míniú breise ar na teorainneacha ama i gCeisteanna 16 agus 17 thíos.
3. Conas a fhéadfaidh mé achomharc a dhéanamh?
Ní mór gach achomharc a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór iad:-
| A sheoladh tríd an bpost chuig | An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde Baile Átha Cliath 1. |
| nó | |
| a sheachadadh le láimh chuig fostaí de chuid an Bhoird ag oifigí an Bhoird le linn uaire oifige. |
Ní mór an t-achomharc a bheith comhlánta ón tús - ní ceadmhach aon chuid de a chur isteach ag tráth níos déanaí, fiú má bhíonn sé sin laistigh den teorainn ama.
4. Cad a chaithfidh mé a chur san áireamh le m'achomharc?
- D'ainm agus do sheoladh féin. Má dhéanann gníomhaire achomharc thar do cheann ní mó dó nó di d'ainm agus do sheoladh a thabhairt.
- Ábhar an achomhairc - ní mór duit mionsonraí a thabhairt maidir leis an gcineál forbartha atá beartaithe agus suíomh na forbartha sin, ní mór duit ainm an údaráis phleanála, uimhir an chláir phleanála (a thaispeántar ar an gcinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh agat ina choinne) agus ainm agus seoladh an iarratasóra (más tríú páirtí tú), a thabhairt.
- Forais uile a bhfuil an t-achomharc á dhéanamh fúthu chomh maith le hábhar tacaíochta agus argóintí. Ní fhéadfaidh an Bord aon fhoras achomhairc a chuirtear faoina bhráid tar éis an t-achomharc a bheith déanta, a bhreithniú agus ní fhéadfaidh an Bord saincheisteanna neamhphleanála a bhreithniú; dá bhrí sin, níor chóir go mbeadh saincheisteanna den sórt sin san áireamh i bhforais achomhairc.
- An táille cheart. Faigh amach faoi na táillí reatha trí ghlao a chur ar an mBord Pleanála ag 01-8728011.
5. Cad a tharlóidh mura bhfuil m'achomharc iomlán?
Mura gcomhlíonfaidh an t-achomharc na ceanglais dhlíthiúla ar fad (féach ar an mír roimhe seo le haghaidh treorach), ní bheidh sé bailí agus ní fheadfaidh an Bord é a bhreithniú.
6. An bhféadfaidh mé comhad an údaráis phleanála a fheiceáil sula ndéanfaidh mé achomharc?
Féadfaidh. Cuirfidh an t-údarás pleanála na nithe seo a leanas ar fáil don phobal ag oifigí na Roinne Pleanála dá chuid lena n-iniúchadh nó, beidh siad le feiceáil ar an gcóras féachana ar líne ón dáta a ndéanfar an cinneadh.
- An t-iarratas iomlán agus aon fhaisnéis bhreise a chuirfidh an t-iarratasóir ar fáil,
- tuarascálacha an Bhoird féin i ndáil leis an iarratas,
- cinneadh an Bhoird agus an fógra maidir leis an gcinneadh chuig an iarratasóir
Má dhéantar achomharc, tabharfar cóip den doiciméadacht sin ar fad do An Bord Pleanála agus beidh comhad an údaráis phleanála ar oscailt don phobal lena iniúchadh go dtí go gcinnfear an t-achomharc.
7. An bhféadfaidh mé cóipeanna a fháil de dhoiciméid a bhfuil baint acu le hiarratas pleanála?
Féadfaidh. Díolfaidh údaráis phleanála cóipeanna d'aon chuid de chomhad iarratais phleanála ar chostas réasúnta, ach iad a iarraidh. Beidh fáil ar dhoiciméid le díol an fhad is a bheidh siad ar fáil don phobal lena n-iniúchadh.
8. An bhféadfaidh mé mo thuairimí a chur in iúl don Bhord gan achomharc a dhéanamh?
Féadfaidh. Nuair a bhíonn achomharc déanta cheana féin, féadfaidh duine eile a bheith ina "bhreathnadóir" agus aighneachtaí agus breathnuithe a dhéanamh i ndáil leis an achomharc. Féadfar cóip den achomharc a fheiceáil ag oifigí na Roinne Pleanála. Is 4 seachtaine ón am a fhaigheann an Bord an t-achomharc é an teorainn ama dó sin, nó, laistigh de 4 seachtaine ón am a fhoilsíonn an Bord fógra go bhfuarthas achomharc i gcás go gcuirtear Ráiteas Tionchair Timpeallachta isteach. Ní mór táille (€45 faoi láthair) a íoc leis an mBord agus aighneachtaí nó breathnuithe á ndéanamh.
Más rud é go dtarraingíonn an duine a rinneadh achomharc an t-achomharc siar, seasfaidh an t-údarás pleanála lena chinneadh agus rachaidh do chuid aighneachtaí as feidhm.
9. An bhféadfaidh mé éisteacht ó bheal a iarraidh?
Féadfaidh aon pháirtí a mbaineann an t-achomharc leis nó léi éisteacht ó bhéal a iarraidh ach an táille cheart, nach féidir a thabhairt a aisíoc, a íoc (€ 75) chomh maith leis an táille achomhairc.
Má iarrann tú éisteacht ó bhéal, ní mór duit fós d'fhorais achomhairc a lua ina n-iomláine agus na ceanglais dhlíthiúla eile a chomhlíonadh go hiomlán nuair a bheidh tú ag déanamh d'achomhairc (féach Ceist 4 le haghaidh treorach).
Tá de lánrogha ag an mBord éisteacht ó bhéal a thionól agus ní dheonaítear ach éisteacht amháin de ghnáth nuair a chuideoidh sé sin leis cás casta a thuiscint nó nuair a bhíonn saincheisteanna náisiúnta agus saincheisteanna áitiúla tábhachtacha i gceist.
10. Cad a tharlóidh ansin?
Cuirfidh an Bord cóip den achomharc chuig an údarás pleanála agus chuig an bhforbróir, i gcás achomhairc tríú páirtí. Beidh 4 seachtaine acu sin chun a dtuairimí a chur faoi bhráid an Bhoird. Ní fhéadfaidh an Bord aon tuairim a bheidh mall a bhreithniú agus ní ceadhmhach d'aon pháirtí a thuairimí nó a tuairimí a mhionléiriú tar éis iad a chur faoi bhráid an Bhoird.
11. Conas a chinntíonn an Bord cothrom na féinne do chách?
Nuair a bhreithníonn an Bord go bhfuil sé cuí, ar mhaithe le ceartas, féadfar a iarraidh ar aon pháirtí nó ar aon bhreathnadóir aighneachtaí nó breathnuithe a dhéanamh ar ábhar ar bith a thagann chun cinn i ndáil leis an achomharc. Leis sin, beidh an Bord in ann tuairimí a lorg ar aon ábhar tábhachtach a thiocfadh chun cinn san achomharc. Tá cumhachtaí freisin ag an mBord éileamh ar aon pháirtí nó ar aon bhreathnadóir, aon doiciméad, aon fhaisnéis etc. a bhíonn riachtanach, dár leis an mBord, a chur faoina bhráid. Sonróidh an Bord teorainn ama (14 lá ar a laghad) le haghaidh an ábhair a iarrfar a chur faoina bhráid agus cloífear go docht leis an teorainn ama sin.
12. An bhfuil teorainn ama i gceist maidir le hachomhairc a chinneadh?
Is é cuspóir an Bhoird achomhairc a chur de láimh laistigh de 18 seachtaine. Nuair a bhreithníonn an Bord, áfach, nach féidir nó nach bhfuil sé cuí cinneadh a dhéanamh laistigh de 18 seachtaine (e.g. mar gheall ar chastacht na saincheisteanna), cuirfear na cúiseanna leis sin in iúl do na páirtithe agus caithfear a rá cén uair a mbeidh sé i gceist cinneadh a dhéanamh.
13. An gcuirfear cinneadh an Bhoird in iúl dom?
Cuirfear. Déanfar cinneadh cead a dheonú ach go mbeidh coinníollacha san áireamh nó cead a dhiúltú agus cuirfear sin in iúl do gach duine a mbeidh baint acu leis an achomharc.
14. An bhfuil dul thar chinneaadh an Bhoird?
Níl. Ní féidir agóid a dhéanamh in aghaidh bailíocht an chinnidh ach laistigh de 2 mhí, trí athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt. Ní athosclóidh an Chúirt fiúchais phleanála an cháis agus b'fhéidir nach dtabharfaí cead leanúint leis na bpróiseas athbhreithnithe ach nuair a bheifí sásta go bhfuil forais shubstaintiúla ann chun a áitiú go raibh cinneadh an Bhoird neamhbhailí nó go mba chóir é a chur ar neamhní.
15. An bhféadfaidh an Bord achomhairc a dhíbhe?
Féadfaidh. Tá sé de rogha ag an mBord achomharc a dhíbhe má bhítear sásta go bhfuil an t-achomharc cráiteach, suaibhreosach nó gan bhunús. Féadfaidh an Bord a dhearbhú go bhfuil iarratas pleanála nó achomharc tarraingthe siar má bhítear sásta nach bhfuiltear ag leanúint leis an iarratas ná an t-achomharc.
16. Cé chomh dian is atáthar ó thaobh na dteorainneacha ama?
Táthar an-dian ó thaobh na dteorainneacha ama ar fad ionas go bhféadfaidh an Bord achomhairc a chinneadh laistigh de 18 seachtaine agus níl aon rogha ag an mBord síneadh a chur leis na dátaí. Tá sin amhaidh i ndáil le hachomhairc a dhéanamh, le tuairimí arna gcur isteach ag páirtithe, le haighneachtaí agus breathnuithe arna ndéanamh ag daoine eile leis an nBord, agus aighneachtaí breise, nuair a iarrann an Bord iad.
17. Cad a tharlóidh má bhíonn an Bord dúnta an lá deiridh den teorainn ama?
I gcás gur lá a mbíonn oifigí an Bhoird dúnta é an lá deiridh chun achomharc nó ábhar eile a fháil ag an mBord (deiríseachtaine, laethanta saoire poiblí agus Aoine an Chéasta) is é an chéad lá eile a mbeidh oifigí an Bhoird ar oscailt an dáta is déanaí a nglacfar le hachomharc nó le hábhar eile. Is fútsa a bheidh sé a chinntiú go seachadfar nó go seolfar an t-achomharc nó an t-ábhar eile tríd an bpost in am ionas go seachadfar é laistigh den tréimhse chuí. Ní bheidh achomharc nó ábhar eile a sheolfar laistigh den tréimhse chuí bailí mura bhfaighfear é laistigh den tréimhse sin.
18. An bhféadfaidh mé comhad an Bhoird a fheiceáil?
Féadfaidh. Féadfar gach doiciméad, lena n-áirítear an tuarascáil arna hullmhú ag cigire an Bhoird, a fheiceáil ag oifigí an Bhoird. Bíonn siad ar fáil 3 lá oibre i ndiaidh don Bhord cinneadh a dhéanamh, agus beidh an comhad ar oscailt ar feadh cúig bhliana. Féadfar freisin, cóip d'aon chuid de chomhad achomhairc a cheannach i rith an ama sin ar tháille réasúnta. Tá an socrú sin amhlaidh i ndáil le hachomhairc a fuarthas an 10ú Aibreán 1995, nó ina dhiaidh sin.
19. An bhféadfaidh mé eolas breise a fháil?
Is féidir eolas breise a fháil ó An Bord Pleanála ag an seoladh a thugtar i gCeist 3 thuas, trí ghlaoch teileafóin ar (01) 8728011, nó ó d'údarás pleanála áitiúil.