Galway County Council

Planning GA

Cosán an tSuímh...

Pleananna

Céard atá ar bun againn?
1. Pleananna sa mheántéarma agus san fhadtéarma a fhorbairt don Chontae agus do cheantair áitiúla trí chomhairliúchán a dhéanamh leis an bpobal. Cinntíonn sé seo go ndéantar forbairt a phleanáil de réir na bprionsabal de phleanáil mhaith, inbhuanaitheacht agus treoirlínte náisiúnta.
2. Cinntí pleanála a dhéanamh bunaithe ar na pleananna thuasluaite.
3. Imscrúdú a dhéanamh ar fhorbairt neamhúdaraithe agus dul i mbun ionchúisimh nuair is gá agus
4. Aitheantas, cosaint, caomhnú agus feabhsú oidhreacht Chontae na Gaillimhe a chur chun cinn.

Cá bhfuilimid lonnaithe?
An tAonad um Pleanáil & Forbairt Inbhuanaithe,
Urlár na Talún, Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc, Gaillimh.

Tá 2 chuntar phoiblí ann:

Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?

 

 

 

 

 

An tSeirbhís Tuarascálacha Réamhphleanála
Má tá suim agat i suíomh faoi leith, is féidir leat úsáid a bhaint as ár seirbhís tuarascálacha réamhphleanála saor in aisce. Ní mór duit léarscáil den suíomh le himlíne dhearg timpeall air, ainm an bhaile fearainn, do shonraí teagmhála agus sonraí ábhartha eile a chur faoi bhráid na hOifige Pleanála. Gheobhaidh tú tuarascáil scríofa ar ais a thabharfaidh eolas ginearálta ar do shuíomh chugat.

Seirbhís Comhairle Réamhphleanála
Tugaimid comhairle réamhphleanála go rialta de réir coinne ag Áras an Chontae, ag Oifigí Cathartha Bhéal Átha na Sluaighe agus go míosúil sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh iarratas déanta agat ar thuarascáil réamhphleanála cheana féin agus go mbeadh sí faighte ar ais agat sa phost. Le coinne a dhéanamh le pleanálaí, cuir glaoch ar 091 509308 agus luaigh d'uimhir thagartha ón tuarascáil réamhphleanála.

Siopa Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis
Tá ceadúnas againn le léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis a dhíol don phobal, i bhformáid dhigiteach nó i bhformáid eile. Le dul i dteagmháil leis an Siopa Léarscáileanna, cuir glaoch ar 091509151.

Comhad Pleanála a Ordú & a Bhreathnú
Is féidir le duine ar bith comhad pleanála a bhreathnú, bíodh sé sean nó nua. Is féidir iarratais phleanála nua a bhreathnú san oifig pleanála ón dáta ar a bhfaightear iad agus déantar iad a scanadh agus a chur ár láithreán gréasáin taobh istigh de choicís (féach an
córas fiosraithe pleanála). Toisc go bhfuil teorainn ar stóráil, de ghnáth caithfear comhaid phleanála atá níos sine ná 4 mhí d'aois a ordú roimh ré chun iad a bhreathnú ag an gcuntar poiblí. Má tá comhad scanáilte dhá ordú agat, baineann táille de €10 leis.  Cuir glaoch ar 091 509308 nó cuir ríomhphost chuig planning@galwaycoco.ie le comhad pleanála a ordú.

Tráchtaireacht a dhéanamh ar Iarratas Pleanála
Is féidir le duine ar bith tráchtaireacht a dhéanamh ar iarratas pleanála. Caithfear an tráchtaireacht a dhéanamh i bhfoirm scríofa taobh istigh de 5 seachtaine tar éis an iarratas a bheith faighte ag an Oifig Pleanála agus caithfear táille bheag a íoc. Eolas breise anseo.

Córas Fiosraithe Pleanála
Is féidir breathnú ar iarratais phleanála (sean & nua) ar an láithreán gréasáin. Is féidir leat zúmáil chuig an suíomh atá uait nó cuardach a dhéanamh de réir ainm an Bhaile Fearainn nó na huimhreach iarratais phleanála. Chun úsáid a bhaint as an gcóras fiosraithe pleanála, logáil isteach ar www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Pleanail/ agus gliogáil ar chóras fiosraithe pleanála ar thaobh na láimhe clé den leathanach.

Achomharc a dhéanamh i gCoinne Chinneadh an Údaráis Phleanála
Is féidir leis an iarrthóir ar chead pleanála, aon duine a rinne tráchtaireacht scríofa faoi iarratas pleanála nó úinéir talún tadhlaí
(má thugtar cead dó nó di achomharc a dhéanamh), achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála taobh istigh de 4 seachtaine ón dáta ar an ndearna an Oifig Pleanála an cinneadh. Le dul i dteagmháil leis an mBord Pleanála, logáil isteach ar www.pleanala.ie   nó cuir glaoch ar 1890 275 175 (Íosghlao) nó (01) 858 8100.

Fógra Tosach Feidhme
Nuair atá cead pleanála faighte agat, caithfidh tú fógra 14 lá ar a laghad a thabhairt go bhfuil sé ar intinn agat tosú ar an bhforbairt trí fhoirm d'fhógra tosach feidhme atá ar fáil ón oifig pleanála a chomhlánú.

 

Seimineáir Phleanála
Reáchtálaimid Seimineár Pleanála bliantúil chun plé a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla a bhaineann le pleanáil agus forbairt. Chun
féachaint ar chuir i láthair a rinneadh ag seimineár a bhí againn cheana, logáil isteach ar www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Pleanail/ nó cuir glaoch ar an Oifig Pleanála ag 091 509308 le fiosrúchán a dhéanamh faoi sheimineáir phleanála amach anseo.

Seirbhísí Pleanála Eile
Is féidir na nithe seo a leanas a fháil ón oifig pleanála freisin:

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le rud ar bith thuasluaite, téigh i dteagmáil le:
Teil:                      091 509308
Ríomhphost:         planning@galwaycoco.ie
Idirlíon:                www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Pleanail/

 

Forbairt Neamhúdaraithe

Deirtear go bhfuil forbairt neamhúdaraithe nuair:

Má tá tú ag iarraidh tuairisc a thabhairt ar fhorbairt neamhúdaraithe amhrasta, líon an Fhoirm Gearáin Forbartha ar-líne nó an leagan íoslódaithe atá ar fáil ag na nascanna thíos:

Foirm gearán forbartha agus a sheoladh chuig: 


Rannóg Forfheidhmithe, An tAonad um Pleanáil & Forbairt Inbhuanaithe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

Ríomhphost: enforcements@galwaycoco.ie

Le breis eolas a fháil chuir glaoch ar 091 509156 / 509154 / 509160.  


Pleananna Forbartha
Tugann Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe treoir tríd is tríd dúinn faoi threo & creatlach do phleanáil agus forbairt inbhuanaithe an Chontae. Beidh an plean atá againn faoi láthair bailí go dtí 2015.
Tosaíodh ar dhréachtú plean nua i 2013 agus cuirfear fógraí i nuachtáin áitiúla ag céimeanna éagsúla den phróiseas dréachtaithe mar chuireadh don phobal a dtuairimí a nochtadh. Clúdóidh an plean nua seo an tréimhse ó 2015 - 2021.


Pleananna
Ceantair Áitiúil a chruthú do Bhailte le daonra níos mó ná méid
áirithe.
Rannóg Tul-Phleanála, An tAonad um Pleanáil & Forbairt Inbhuanaithe.
Teil: 091 509121 / 509174
Ríomhphost:
planning@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Pleanail/

 

Tugann reachtaíocht pleanála cead don Chomhairle

 

Tugann reachtaíocht pleanála cead don Chomhairle

Chun do thuairimí a nochtadh faoi shaincheisteanna Pleanála
sa Chontae agus go hÁitiúil, déan teagmháil le:

Caomhantas

Cabhraíonn ár nOifigeach Caomhantas Ailtireachta linn aire a thabhairt d'oidhreacht thógtha Chontae na Gaillime agus lena chois
sin, tugann sí seirbhís chomhairleach ar fáil d'iarratasóirí pleanála nuair is gá.

Tá na doiciméid seo a leanas ar fáil ar líne ag www.galway.ie/en/Services/Conservation/ nó is féidir glaoch a chur
ar 091 509197:

Clár Scileanna Caomhantais, Treoir Dea-Chleachtais do Shuirbhé agus Measúnacht Ailtireachta, Tuairisc Oifigiúil ar Struchtúir atá faoi Chosaint, Treoirlínte Caomhantas Ailtireachta agus Treoir faoi Struchtúir atá faoi Chosaint i gContae na Gaillimhe.

Deontais Chaomhantais
Tá deontais ar fáil do chaomhnú struchtúr atá faoi chosaint. De ghnáth, déantar iad a fhógairt i mí Eanáir gach bliain.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Chaomhantas, déan teagmháil le:
Oifigeach Caomhantas Ailtireachta, an tAonad um Phleanáil & Forbairt Inbhuanaithe.

Teil:                     091 509197
Ríomhphost:        planning@galwaycoco.ie
Idirlíon:            www.galway.ie/en/Services/Conservation/

Thatched

Oidhreacht

Bíonn an tOifigeach Oidhreachta ag obair chun suim, oideachas, eolas agus bród as oidhreacht Chontae na Gaillimhe a chur chun
cinn. Cuireann an tOifigeach Oidhreachta seirbhís chomhairleach ar fáil d'iarratasóirí pleanála nuair is gá.

Deontais Oidhreachta
Is féidir le grúpaí pobail iarratas a dhéanamh ar dheontais do thionscnaimh oidhreachta a thairbhíonn nó a bhaineann le gné
amháin ar a laghad den oidhreacht. Déantar oidhreacht a shainmhíniú mar: séadchomharthaí, ábhair seandálaíochta, ábhair
oidhreachta, oidhreacht ailtireachta, flóra, fána, gnáthóga fiadhúlra, tírdhreacha, muirdhreacha, báid raice, geolaíocht, páirceanna
oidhreachta, gairdíní agus uiscebhealaí intíre. De ghnáth, déantar na deontais seo a fhógairt i mí Eanáir gach bliain.

Duaiseanna Oidhreachta
Reáchtálann an Chomhairle Clár Duaiseanna Bliantúil d'Oidhreacht an Chontae mar aitheantas ar na hiarrachtaí agus rannchuidithea deimhneacha déanta ag indibhidí agus pobail a chuireann oidhreacht an Chontae chun cinn ar bhealach éigin. Déantar iarratais ar ainmniúcháin a fhógairt i mí Aibreáin/Bealtaine gach bliain.

Duaiseanna & Féilire Shlí Dhúlra na Gaillimhe
Tá Duaiseanna Shlí Dhúlra na Gaillimhe ina chomhthionscnamh le Comhlacht Forbartha Tuaithe na Gaillimhe chun deis a sholáthar do phobail an oidhreacht agus áilleacht nádúrtha atá ar a mbóithre áitiúla tuaithe a léiriú. Déantar féilire a chur le chéile ag deireadh na bliana a léiríonn oidhreacht shaibhir na slite a roghnaítear. Déantar na hiarratais ar ainmniúcháin a fhógairt i mí Aibreáin/Bealtaine gach bliain.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Oidhreacht, déan teagmháil le:
Oifigeach Oidhreachta, An tAonad um Pleanáil & Forbairt Inbhuanaithe.

Teil:                     091 509198
Ríomhphost:        planning@galwaycoco.ie
Idirlíon:          www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Oidhreacht/