Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Bearta Maolaithe Tráchta

Féadfaidh oibreacha forbartha bóthair, de bharr dromhchla tiomána feabhsaithe nó leithead bóithre méadaithe, luas trácha méadaithe a chur chun cinn ar rochtain isteach chuig timpealláin nó rochtain isteach chuig limistéir fhoirgnithe. Féadfaidh an Chomhairle bearta ar nós stialla tormáin, nó i gcás limistéir fhoirgnithe, scéimeanna maolaithe tráchta laistigh de theorainneacha criosanna luais de 50 km/h., lena n-áirítear athfhorbairt an bhóthair i dtrasghearrthacha. Caithfear moltaí do bhearta maolaithe tráchta a chur chuig Coimisinéir na Gardaí agus fógra a fhoilsiú sa nuachtán ag ceadú do thréimhse d'aon mí amháin chun uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an gComhairle. Is feidhm comhaltaí tofa na Comhairle é bearta maolaithe tráchta a sholáthar nó a bhaint as mar aon le breithniú a dhéanamh ar uiríll.