Cosán an tSuímh...
TOSAÍOCHTAÍ RÉIGIÚNACHA
Cuireann na Treoirlínte Réigiúnacha Pleanála (RPG) do Réigiúin an Iarthair a foilsíodh i 2004 creat oibre pleanála straitéiseach ar fáil le haghaidh an réigiúin a fhorbairt. Áirítear ar na príomhthosaíochtaí a aithnítear sna Treoirlínte Réigiúnacha Pleanála:
- Straitéis lonnaíochta a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm don réigiún, straitéis a thógfaidh 'mais chriticiúil' sa "gheata" ainmnithe, Gaillimh, an "mol" i dTuaim agus an "mol nasctha" i gCaisleán an Bharraigh/i mBéal an Átha agus a chruthóidh líonra de lonnaíochtaí níos lú a fhorbróidh ina bpobail bhríomhara.
- Tacú le forbairt sna bailte agus sna sráidbhailte sa réigiún a thagann leis an timpeallacht atá tógtha ann cheana féin agus a chinntíonn go dtagann sí le héiteas an bhaile/an tsráidbhaile a d'fhéadfadh a bheith uathúil maidir le gach baile/sráidbhaile.
- A chinntiú go gcuirfear na bealaí iompair ar fad atá aitheanta i gcomhair tógála agus uasghrádú sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha chun cinn chomh luath agus is féidir chun cur i bhfeidhm an NSS a éascú agus forbairt réigiúnach chothrom a chur chun cinn.
- Cur chuige comhordaithe a chinntiú maidir le polasaithe agus tosaíochtaí infrastruchtúir atá leagtha amach don réigiún a chur i bhfeidhm le cur chun cinn an réigiúin mar shuíomh do mhórfhorbairt thionsclaíoch a spreagadh.
- An gá atá le níos mó deiseanna fostaíochta a aithint chun pobail tuaithe inmharthana a chothú.
- Béim faoi leith a chur ar na naisc idir-réigiúnacha nuair atá polasaithe á gcur le chéile agus cur chuige comhordaithe a ghlacadh i bpróisis chinnteoireachta ábhartha.