Cosán an tSuímh...

CEANGAIL ÉIRINN
Trí do theagmhálaithe domhanda, is féidir le cabhrú postanna a chruthú in Éirinn agus luach saothair a thuilleamh duit féin agus do charthanacht roghnaithe. Ag úsáid do theagmhálaithe (gnó, cairde nó an teaghlach sínte) faigh agus cuir ár bhfoireann in aithne do chomhlacht cuí atá ag leathnú go hidirnáisiúnta. Míneoidh muid dóibh cén fáth gur cheart dóibh lonnú in Éirinn agus déanfaidh muid é bhainistiú as sin amach. Má chruthaíonn siad postanna in Éirinn beidh luach saothair tuillte agat duit féin agus do charthanacht roghnaithe.Local business support services
Bord Fiontair Chontae & Chathair na Gaillimhe
Is é Bord Fiontair Chontae & Chathair na Gaillimhe Teoranta an phríomhghníomhaireacht a bhfuil baint aici le comhairle, meantóireacht, oiliúint agus cúnamh airgeadais a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga incháilithe atá bunaithe agus cinn atá nua shocraithe i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Tá tuilleadh eolais i ndáil le critéir agus incháilitheacht ar fáil ar ár láithreán gréasáin www.galwayenterprise.ie
Coimisiún Forbartha an Iarthair
Is comhlacht reachtúil é Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) a chuireann forbairt eacnamaíoch agus sóisialta chun cinn i gcontaetha Dhún na nGall, Shligigh, Liatroma, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus an Chláir.
Bíonn baint ag an gCoimisiún le hanailís agus forbairt polasaí, le tionscnaimh réigiúnacha a chur chun cinn agus le feidhmiú Chiste Infheistíochta Choimisiún Forbartha an Iarthair.
Lookwest.ie
Tá an láithreán gréasáin seo bunaithe ag Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) chun tú a spreagadh Breathnú Siar le haghaidh áit chónaithe, áit oibre agus áit do ghnó a dhéanamh. Cliceáil na ceannteidil thíos le haghaidh eolas ar Ghnó, ar Fhóillíocht agus ar Chónaí san Iarthair.